Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Tá muid dírithe ar chúrsaí sábháilteachta, slándála agus iontaofachta. Oibríonn muid i dtimpeallacht dhúshlánach, chomhoibríoch, foirne ina ngluaiseann rudaí go sciobtha. Tá cúltúr ardfheidhmíochta, eolasach agus bunaithe ar fhorbairt leanúnach san fhoireann. Agus níl ansin ach an tús. Tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
An Deis
Tá an Oifig Claochlaithe agus Teicneolaíochta freagrach as córas cumhachta agus margadh na todhchaí a shamhlú agus a phleanáil chomh maith le nuáil a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibrímid agus a bhforbraímid an eangach lena chinntiú go mbainimid spriocanna athraithe aeráide amach agus an córas leictreachais a dhícharbónú. Tá sé ríthábhachtach cultúr feabhsúcháin leanúnaigh a chruthú a spreagann nuálaíocht theicniúil agus phróiseála chun na róil sin a bhaint amach.
Chun spriocanna an rialtais maidir le dícharbónú a chumasú, ní mór dúinn athruithe gan fasach a dhéanamh chun an uaillmhian sin a bhaint amach. Chuige sin, beidh orainn staidéir cheannródaíocha agus anailís a dhéanamh agus socruithe agus próisis nua a thabhairt isteach. Éileoidh go leor díobh seo athruithe ar ár bpríomhfheidhmchláir a ritheann an córas cumhachta agus an margadh ar bhonn 24/7/365 lena n-áirítear sceidealú agus seoladh, córas bainistíochta fuinnimh, uirlis seolta gaoithe / gréine, ardáin cheantála agus seirbhísí córais. Beidh gá le hinfheistíocht de thart ar na céadta milliún inár gcórais, inár bpróisis agus inár socruithe sna blianta amach romhainn.
Mar gheall ar scála agus castacht na hoibre atá i gceist, tá roinnt saineolaithe ag teastáil uainn chun páirt a ghlacadh inár bhfoirne atá ag leathnú in oifigí Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí araon.
Tá roinnt ról ag teastáil ar feadh shaolré iomlán na réiteach nua ó staidéir go coincheapa agus ansin go dtí an cur chun feidhme.
Mar Chomhairleoir Margaidh, beidh tú freagrach as cláir straitéiseacha um athrú margaidh a sheachadadh a mbeidh tionchar acu ar gach gné den mhargadh ón bhfadtéarma (e.g. margadh acmhainne) go dtí an gearrthéarma (e.g. margadh cothromúcháin).
Beidh tú i gceannas ar chodanna ríthábhachtacha den saolré sin amhail tionchar a imirt ar Chóid Líonra ábhartha an Aontais, tuiscint a fháil ar na hathruithe is gá, roghanna a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt orthu sin, na réitigh inmharthana íosta a fhorbairt chun freastal ar ár riachtanais, na hathruithe cóid agus próisis a fhorbairt, ullmhacht an tionscail, straitéisí tástála a fhorbairt agus tástáil inghlacthachta a threorú.
Chun an réiteach deiridh a fhorbairt beidh ar shealbhóir an róil tuiscint dhomhain a bheith aige ar an tionchar a bheidh ag an athrú ar ár gcórais agus ár bpróisis atá ann cheana. Féachfaimid ort a bheith i gceannas ar dhearadh an mhargaidh do theicneolaíochtaí nua a nascann leis an gcóras cumhachta, ag cinntiú go bhforbrófar an réiteach inmharthana íosta.
Gníomhóidh tú mar shainchomhairleoir do cheannairí sinsearacha san eagraíocht lena chinntiú go ngabhfar a gcuid riachtanas mar chuid de dhearaí amach anseo agus go bhfuil prionsabal an réitigh íosta inmharthana á oiriúnú.
Ina theannta sin, beidh tú ag rannchuidiú le ceapadh agus cur i gcrích athruithe beartais ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta (e.g. Cóid Ghréasáin an Aontais) chun athruithe amach anseo a bhainistiú go stuama, agus beidh tionchar agat ar dhearadh agus ar chur i gcrích na n-athruithe sin;
Chomh maith le heolas teicniúil eisceachtúil ar an margadh in Éirinn, tá sárscileanna oibre foirne, eagrúcháin agus cumarsáide ag teastáil don ról.
Cuirfidh tú ionchur ar fáil do spriocanna do bhaill foirne aonair, cóitseálaithe, baill foirne a éascú agus tacú leo chun fadhbanna a réiteach agus tacóidh muid leis an bhfoireann ceannaireachta níos leithne chun fócas láidir ar fheidhmíocht foirne a chinntiú i gcoinne cuspóirí.
Beidh tú paiseanta faoi aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha EirGrid agus faoin ról is féidir leat a imirt chun claochlú an chórais cumhachta a threorú agus tionchar a imirt air do na glúine atá le teacht.
Fút Féin
Beidh na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas ag iarrthóirí rathúla:
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil (mar aon cháipéis amháin).
Dáta deiridh d'iarratais
8th Deireadh Fómhair 2024
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
We are the people behind Ireland's electricity grid. Our focus is on safety, security, and reliability. Our work environment is challenging, fast-moving, collaborative and team orientated. Our culture is driven by performance, knowledge, and continual development. And that's just the beginning of our story. We are now transforming the power system for future generations.
The Opportunity
The Transformation & Technology Office is responsible for visioning and planning the power system and market of the future as well as innovating in how we operate and develop the grid to ensure we meet climate change targets and decarbonise the electricity system. Creating a culture of continuous improvement that drives technical and process innovation is central to delivering on these roles.
To enable the government targets on decarbonisation we are required to make unprecedented changes to deliver on this ambition. This will require us to carry out ground breaking studies, analysis and to introduce new arrangements and processes. Many of these will then require changes to our core applications which run the power system and market on a 24/7/365 basis including scheduling and dispatch, energy management system, wind/solar dispatch tool, auction platforms and system services. The changes will require an investment in the order of several hundreds of million in our systems, processes and arrangements over the coming years.
Due to both the scale and complexity of the work involved we require a number of experts to join our expanding teams in both the Dublin and Cork offices.
A number of roles are required across the full lifecycle of new solutions from studies into concepts and then through to implementation.
As Market Consultant, you will be responsible for the delivery of strategic market change programmes impacting the all aspects of the market from long term (e.g. capacity market) through to short term (e.g. balancing market).
You will lead out on pivotal parts of this lifecycle such influencing the relevant EU Network Codes, understanding the changes required, developing options to address these, for developing the minimum viable solutions to meet our needs, developing the code and process changes, industry readiness, developing testing strategies and leading acceptance testing.
Development of the end solution will require the role holder to have an in-depth understanding of how the change will impact on our existing systems and processes. We will look to you to lead on the market design for new technologies connecting to the power system, ensuring development of the minimum viable solution.
You will act as an expert advisor to senior leaders in the organisation to ensure their requirements are captured as part of future designs and that a minimum viable solution principle is being adapted.
You will also contribute to and influence the design and delivery of policy changes at a national and international level (e.g. EU Network Codes) to prudently manage future changes;
Along with exceptional technical knowledge of the market in Ireland, the role requires excellent team working, organisational and communications skills.
You will provide input to goals for individual team members, coach, facilitate and support staff in solving problems and will support the wider leadership team to ensure a strong focus of team performance against objectives.
You will be passionate about the strategic aims and objectives of EirGrid and the role that he/she can play in leading and influencing the transformation of the power system for future generations.
About you
Successful candidates will have:
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).
Closing date for applications
8th October 2024
EirGrid is an Equal Opportunities Employer
#J-18808-Ljbffr