Innealtóir Cibearshlándála/ Cyber Security Engineer - Eirgrid / Soni LTD
  • Dublin, County Dublin, Ireland
  • via ClickaJobs (1)
-
Job Description

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Gnó forbartha againn chun freagairt do na hathruithe agus do na deiseanna atá ag teacht chun cinn anois níos mó ná riamh i dtionscadal an fhuinnimh. Is é an cuspóir atá againn an Córas Cumhachta a Chlaochlú do na Glúnta atá le Teacht agus tá sé mar phríomhsprioc againn a bheith inár gceannródaithe in Earnáil Leictreachais an Oileáin maidir le hInbhuanaitheacht agus Dícharbónú. Power up your career and join us on our journey of transforming Ireland’s power system for future generations. An Fhoirean/ The Team Deis iontach atá sa ról seo páirt a ghlacadh i bhfoireann láidir Slándála Fiontair, a bheidh lárnach i ndearadh, i gcur i bhfeidhm agus i réiteach fadhbanna do réitigh slándála TF thar roinnt ardán, líonraí sonraí agus réimsí slándála. Tacaíonn na réitigh seo le feidhmeanna corparáideacha, margaidh agus oibríochta córais cumhachta na heagraíochta. The role is an excellent opportunity to be part of a well-established Enterprise Security team, who will lead in the design, implementation and troubleshooting of IT security solutions across a variety of technical platforms, data networks and security domains. The solutions involved underpin the organisation’s corporate, market and power system operational functions. Cuspóir an Róil/ Job Purpose Mar Innealtóir Cibearshlándála, cuideoidh tú le forbairt, le cur i bhfeidhm agus le tacaíocht réiteach cibearshlándála thar réimse córas, sócmhainní, bogearraí, rialaitheoirí agus seirbhísí. Tacaíonn na réitigh seo le feidhmeanna corparáideacha, córais mhargaidh agus oibríochta córais cumhachta na heagraíochta. As the Cyber Security Engineer, you will assist in the development, implementation and support of cybersecurity solutions across a range of systems, assets, software, controls, and services. The solutions involved underpin the organisation’s corporate, market system and power system operational functions. Phríomhghnéithe an Róil/ Key Responsibilities Réitigh chibearshlándála a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a chothabháil, a uasghrádú agus a thástáil Tacaíocht ó thaobh na cibearshlándála de a thabhairt d’úsáideoirí Réitigh chibearshlándála a chomhtháthú agus a bhfeidhmiú éifeachtach a chinntiú Córais, seirbhísí agus táirgí a chumrú go slán Slándáil córas, seirbhísí agus táirgí a chothabháil agus a uasghrádú Próisis, nósanna imeachta agus srianta cibearshlándála a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú srianta chibearshlándála atá i bhfeidhm agus é a chinntiú Taifead agus tuairisciú a dhéanamh ar shlándáil córas, seirbhísí agus táirgí Oibriú go dlúth le pearsanta TF agus TO ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cibearshlándáil Paistí ar réitigh chibearshlándála a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú chun freagairt do leochaileachtaí teicniúla Oibriú le páirtithe cibearshlándála EirGrid chun measúnaithe raoin inionsaithe agus tástálacha bréagionsaí a dhéanamh Saineolas, Scileanna agus Taithí/ Knowledge, Skills and Experience Cáilíocht i réimse ábhartha teicniúil agus 5 bliana ar a laghad de thaithí ar dhearadh agus ar chur i bhfeidhm réimse réiteach, agus tacú leo, i riarachán córais, oibríochtaí líonra, agus/nó néal-oibríochtaí TF. 2 bhliain ar a laghad de thaithí a bhaineann le cibearshlándáil mar anailísí cibearshlándála, innealtóir cibearshlándála, tástálaí bréagionsaí nó iniúchóir cibearshlándála Eolas teicniúil ar shlándáil chóras oibríochta, slándáil líonraí, rialaitheoirí agus réitigh slándála, cleachtais ionsaitheacha agus chosantacha slándála Cur amach ar na caighdeáin, ar na modheolaíochtaí agus ar na creata tástála cibearshlánda Cur amach ar chreata cibearshlándála (m.sh. NIST CSF) agus ar chaighdeáin chibearshlándúla (m.sh. ISO 27001/27002 agus IEC 62443) Scileanna láidre cumarsáide, cuir i láthair agus scríofa tuairiscí do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha Sárscileanna anailíseacha agus réitigh fadhbanna. Ábalta comhoibriú le baill foirne agus le comhghleacaithe eile, agus le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Tuiscint ar an tírdhreach baghairtí cibearshlándála, lena n-áirítear anailís ar fhoinsí iolracha faisnéise. Conclúid/ Conclusion Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait. If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you. Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications 4th October 2024 Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr

;