Innealtóir Cibearshlándála/ Cyber Security Engineer - Eirgrid / Soni LTD
  • Dublin, Leinster, Ireland
  • via BeBee.com
-
Job Description

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Gnó forbartha againn chun freagairt do na hathruithe agus do na deiseanna atá ag teacht chun cinn anois níos mó ná riamh i dtionscadal an fhuinnimh.

Is é an cuspóir atá againn an Córas Cumhachta a Chlaochlú do na Glúnta atá le Teacht agus tá sé mar phríomhsprioc againn a bheith inár gceannródaithe in Earnáil Leictreachais an Oileáin maidir le h Inbhuanaitheacht agus Dícharbónú.

Power up your career and join us on our journey of transforming Ireland's power system for future generations.
An Fhoirean/ The Team

Deis iontach atá sa ról seo páirt a ghlacadh i bhfoireann láidir Slándála Fiontair, a bheidh lárnach i ndearadh, i gcur i bhfeidhm agus i réiteach fadhbanna do réitigh slándála TF thar roinnt ardán, líonraí sonraí agus réimsí slándála.

Tacaíonn na réitigh seo le feidhmeanna corparáideacha, margaidh agus oibríochta córais cumhachta na heagraíochta.

The role is an excellent opportunity to be part of a well-established Enterprise Security team, who will lead in the design, implementation and troubleshooting of IT security solutions across a variety of technical platforms, data networks and security domains.

The solutions involved underpin the organisation's corporate, market and power system operational functions.
Cuspóir an Róil/ Job Purpose

Mar Innealtóir Cibearshlándála, cuideoidh tú le forbairt, le cur i bhfeidhm agus le tacaíocht réiteach cibearshlándála thar réimse córas, sócmhainní, bogearraí, rialaitheoirí agus seirbhísí.

Tacaíonn na réitigh seo le feidhmeanna corparáideacha, córais mhargaidh agus oibríochta córais cumhachta na heagraíochta.

As the Cyber Security Engineer, you will assist in the development, implementation and support of cybersecurity solutions across a range of systems, assets, software, controls, and services.

The solutions involved underpin the organisation's corporate, market system and power system operational functions.
Phríomhghnéithe an Róil/ Key Responsibilities

Réitigh chibearshlándála a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a chothabháil, a uasghrádú agus a thástáil
Tacaíocht ó thaobh na cibearshlándála de a thabhairt d'úsáideoirí
Réitigh chibearshlándála a chomhtháthú agus a bhfeidhmiú éifeachtach a chinntiú
Córais, seirbhísí agus táirgí a chumrú go slán
Slándáil córas, seirbhísí agus táirgí a chothabháil agus a uasghrádú
Próisis, nósanna imeachta agus srianta cibearshlándála a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil
Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú srianta chibearshlándála atá i bhfeidhm agus é a chinntiú
Taifead agus tuairisciú a dhéanamh ar shlándáil córas, seirbhísí agus táirgí
Oibriú go dlúth le pearsanta TF agus TO ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cibearshlándáil
Paistí ar réitigh chibearshlándála a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú chun freagairt do leochaileachtaí teicniúla
Oibriú le páirtithe cibearshlándála Eir Grid chun measúnaithe raoin inionsaithe agus tástálacha bréagionsaí a dhéanamh

Saineolas, Scileanna agus Taithí/ Knowledge, Skills and Experience


Cáilíocht i réimse ábhartha teicniúil agus 5 bliana ar a laghad de thaithí ar dhearadh agus ar chur i bhfeidhm réimse réiteach, agus tacú leo, i riarachán córais, oibríochtaí líonra, agus/nó néal-oibríochtaí TF.

2 bhliain ar a laghad de thaithí a bhaineann le cibearshlándáil mar anailísí cibearshlándála, innealtóir cibearshlándála, tástálaí bréagionsaí nó iniúchóir cibearshlándála
Eolas teicniúil ar shlándáil chóras oibríochta, slándáil líonraí, rialaitheoirí agus réitigh slándála, cleachtais ionsaitheacha agus chosantacha slándála
Cur amach ar na caighdeáin, ar na modheolaíochtaí agus ar na creata tástála cibearshlánda
Cur amach ar chreata cibearshlándála
NIST CSF) agus ar chaighdeáin chibearshlándúla
ISO 27001/27002 agus IEC 62443)
Scileanna láidre cumarsáide, cuir i láthair agus scríofa tuairiscí do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
Sárscileanna anailíseacha agus réitigh fadhbanna.
Ábalta comhoibriú le baill foirne agus le comhghleacaithe eile, agus le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Tuiscint ar an tírdhreach baghairtí cibearshlándála, lena n-áirítear anailís ar fhoinsí iolracha faisnéise.

Conclúid/ Conclusion

Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil.

Ba bhreá linn scéala a fháil uait.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter.

We want to hear from you.
Dáta deiridh d'iarratais/ Closing date for applications
4th October 2024
Fostóir Comhdheiseanna is ea Eir Grid
Eir Grid is an Equal Opportunities Employer

#J-18808-Ljbffr

;